The Arts Council

NEWS

14
Nov

GAIRM AR IARRATAIS – SIX IN THE ATTIC

14 Nov 2012

Ba mhór ag Institiúid Téatair na hÉireann (ITI) agus Foras na Gaeilge iarratais a fháil ó dhrámadóirí/amharclannaithe Gaeilge atá ag teacht chun cinn ar spéis leo bheith páirteach sa tríú sraith de chlár Six in the Attic na hInstitiúide. Scéim Chomhpháirteachais Acmhainne na Comhairle Ealaíon atá ag maoiniú Six in the Attic agus is é Foras na Gaeilge atá ag maoiniú an tsliotáin bhreise Ghaeilge seo.

Tá spás acmhainne ar fáil ar an urlár uachtarach d’fhoirgneamh an ITI ar 17 Sráid Eustace. Cuirtear sé cinn de ‘faighneoga’ ar fáil ann d’ealaíontóirí agus do chompántais. Beidh teacht ag gach drámadóir/amharclannaí ar raon acmhainní riaracháin agus ar shaineolas fairsing inmheánach a chuirfidh ar a gcumas dul i mbun oibre ar a gcuid tionscadal, smaointe a thaiscéaladh agus a fhorbairt, agus plé agus comhoibriú a dhéanamh le healaíontóirí eile. I measc na n-acmhainní riaracháin a bheidh ag gach ‘faighneog’ beidh deasc agus WiFi saor in aisce, soláthar míosúil fótachóipeála agus priontála, tréimhse ama dhá uair sa mhí i seomra mór cruinnithe (spás cruthaitheach idéalach a d’oirfeadh do cheardlanna, do roghnú aisteoirí, do chruinnithe léirithe agus do phleanáil ealaíonta) agus teilgeoir agus scáileán (ach iad a iarraidh).

Le cois na n-acmhainní fisiceacha, beidh tacaíocht leanúnach agus meantóireacht ar fáil ón ITI, i bhfoirm chomhairle saineolach ar nithe mar iad seo a leanas: pleanáil ealaíonta agus pleanáil straitéiseach, fiontraíocht, idirbheartú conartha, bainistíocht cearta, líonrú, forbairt ghairmiúil, camchuairteanna, próisis iarratais, scéimeanna maoinithe agus bainistiú párolla agus buiséid.

Riachtanais

• Ní mór do gach drámadóir/amharclannaí togra gairid scríofa (suas le 500 focal) a sholáthar, ina mbeidh cur síos ar a bhfuil i gceist acu a bhaint amach sa tréimhse idir Eanáir – Nollaig 2013, mar aon le CV ina mbeidh cuntas ar na gníomhaíochtaí gairmiúla amharclainne is déanaí a raibh siad páirteach iontu.

• Ní miste a rá nach nglacfar le hiarratas uait ar bheith páirteach i Six in the Attic más amhlaidh go bhfuil tú rannpháirteach cheana féin i scéim chomhpháirteach acmhainne eile de chuid na Comhairle Ealaíon, mar shampla Project Catalyst, Dublin Fringe Festival LAB nó Rough Magic SEEDS/Hub.

• Ba cheart iarratais a sheoladh chuig Claire O’Neill, Bainisteoir Ginearálta le r-phost chuig coneill@irishtheatreinstitute.ie

An Lá Deiridh le haghaidh Iarratas 

• Dé Luain 26 Samhain 2012 @ 5pm

Admháil 

• Admhófar i r-phost gach iarratas a gheofar. Mura bhfaigheann tú r-phost uainn, cuir glao orainn le bheith cinnte go bhfuaireamar d’iarratas.

An Próiseas Measúnachta 

Is é Feidhmeannas na hInstitiúide agus measúnóir seachtrach a dhéanfaidh na hiarratais a mheasúnú chun gearrliosta a chumadh. Déanfar an roghnú deireanach le haghaidh Six in the Attic 2013 tar éis agallamh a chur ar lucht an ghearrliosta.

• Sa tseachtain dar tús an 3 Nollaig 2012 a dhéanfar na hagallaimh.

• Fógrófar gairm oscailte ar iarratais chun go mbeidh an roghnú cothrom agus raon na rannpháirtithe chomh fairsing agus is féidir.

Na Critéir Roghnúcháin 

• Tá sraith critéar gairmiúil i bhfeidhm ag ITI chun daoine agus compántais a roghnú dá bhunachair shonraí éagsúla. Tá na critéir sin bunaithe ar nithe ar nós a bheith tiomanta don fhoirm ealaíne, fianaise a sholáthar ar obair roimhe seo, sraith uaillmhianta soiléire a bheith ag an gcompántas mar aon le rún daingean chun gairm bheatha nó compántas inbhuanaithe a fhorbairt. Bainfidh na critéir sin le Six in the Attic.

Beidh áit amháin ar fáil do dhrámadóir/amharclannaí Gaeilge.

Téarmaí & Coinníollacha

• Tá sraith téarmaí agus coinníollacha i bhfeidhm cheana féin i dtaca leis na huaireanta ina mbeidh fáil ar an bhfoirgneamh, úsáid na n-áiseanna cistine agus an trealaimh theicniúil, téarmaí agus coinníollacha a aontófar roimh ré.

• Beifear ag súil go léireoidh na rannpháirtithe meas ar an áitreabh a chuirfear ar fáil.

Buntáistí

• Meantóireacht agus spreagadh chun smaoineamh a dhéanamh ar leibhéal straitéiseach ó thaobh do chleachtais de agus ó thaobh aidhmeanna do chompántais.

• Cuirfear bunáit oibre ar fáil, a chothóidh braistint comhtháthaithe agus muintearais i measc compántas agus ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn ionas go mbeidh sé níos fusa as sin bheith rannpháirteach san earnáil ealaíon náisiúnta.

• Beidh timpeallacht ghlan, téite, dea-bhainistithe ar fáil (a chabhródh leis an gcruthaitheacht) agus ar chistin ina mbeidh áiseanna tae agus caife, cuisneoir agus miasniteoir.

Scéim Chomhpháirteach Acmhainne na Comhairle Ealaíon atá ag maoiniú Six in the Attic

Is é Foras na Gaeilge atá ag maoiniú an tsocrúcháin Ghaeilge atá mar chuid de Six in the Attic

Downloads
Gairm ar Iarratais – Six in the Attic
Pdf | 230KB